Librería Desdémona
Librería Samer Atenea
Librería Aciertas (Toledo)
Kálamo Books
Librería Perelló (Valencia)
Librería Elías (Asturias)
Donde los libros
Librería Kolima (Madrid)
Librería Proteo (Málaga)
Deirtear go bhfuil litríocht na Gaeilge seachantach i leith cúrsaí craicinn agus nach maith lenár gcuid scríbhneoirí lomchuntas a thabhairt ar an ngrá collaí. Chuaigh Panu Petteri Höglund i mbun pinn leis na líomhaintí seo a bhréagnú scun scan, agus seo é an toradh: ceithre scéal earótacha i nGaeilge shaibhir nádúrtha agus iad suite i saol an lae inniu. -- "Gormfhlaith": Bhí sí doirte don fhear lách áirithe sin le dhá bhliain anuas agus an chuma ag teacht ar an scéal nach bhfaigheadh sí óna misneach oiread is focal a labhairt leis choíche. Ní mar a shíltear a bhítear áfach. -- "An Ríomhghrá": Is minic a chastar daoine ar a chéile ar an Idirlíon, agus uaireanta bíonn cleamhnas ann. Cleamhnas rathúil, fiú... -- "Sadhbh": An cailín cúthail í an t-ábhar óg leabharlannaí i ndáiríre? -- "Caitríona": Cé acu is fearr léi, grá nó cóisir chraicinn? -- Scríbhneoir agus teangeolaí ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund agus é meáite ar litríocht éadrom a sholáthar do lucht na Gaeilge. Rinne se dianstaidéar ar litríocht agus ar bhéaloideas na nGaeltachtaí go léir leis na héilimh is airde a shásamh ó thaobh fheabhas na teanga agus na stíle. Tháinig altanna leis i gcló ar "Ghaelscéal", chomh maith le scéalta ar "An Gael" sna Stáit Aontaithe. Seo an tríú leabhar leis a d'fhoilsigh Evertype.