An Fhondúireacht

An Fhondúireacht

An Fhondúireacht

Isaac Asimov / Panu Petteri Höglund

21,85 €
IVA incluido
Disponible
Editorial:
Evertype
Año de edición:
2014
Materia
Ciencia ficción
ISBN:
9781782010807
21,85 €
IVA incluido
Disponible

Selecciona una librería:

  • Donde los libros
  • Librería 7artes
  • Librería Elías (Asturias)
  • Librería Kolima (Madrid)
  • Librería Proteo (Málaga)

Áirítear Isaac Asimov, an 'Dea-Dhochtúir', ar chlasaicigh mhóra an fhicsin eolaíochta. Ba iad na Scéalta Róbataice agus na Scéalta Fondúireachta an dá mhórshraith a tháinig óna pheann bisiúil. Rugadh sa Rúis sa bhliain 1920 é, ach ní raibh ann ach tachrán buachalla nuair a chuaigh an teaghlach ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe. Giúdaigh Rúiseacha ab ea a mhuintir, agus ba í an Ghiúdais (canúint Gearmáinise na nGiúdach in Oirthear na hEorpa) a theanga dhúchais. Bhain sé amach céim sa bhithcheimic, agus bhí sé ina Ollamh Cúnta le Bithcheimic in Ollscoil Boston tráth. Ba iad na scéalta ficsin eolaíochta a thabhaigh clú domhanda dó áfach. Fuair sé bás i Nua-Eabhrac sa bhliain 1992 i ndiaidh dó an SEIF a tholgadh ó fhuilaistriú truaillithe. Is é Hari Seldon an matamaiticeoir is mó le rá ar fud Bhealach na Bó Finne, agus é tar éis an mhatamaitic, an tsíceolaíocht agus an scríobh staire a chumasc in aon bhrainse réabhlóideach eolaíochta - an tSíceastaraíocht, a cheadaíos dó todhchaí an chine dhaonna a oibriú amach roimh ré. Is é is toradh dá chuid taighde, áfach, go bhfuil Impireacht na Bó Finne, an impireacht shaibhir shíochánta a chuimsíos an réaltra go léir, le titim as a chéile roimh i bhfad, agus cogaí beaga suaracha idir ríthe cúigiúla agus tiarnaí áitiúla le teacht in áit na sean-bhuansíochána. Caithfidh Seldon Fondúireacht a bhunú ag ceann an réaltra le hoidhreacht na heolaíochta a thabhairt slán trí chéadta bliain na barbarthachta.Tháinig na scéalta faoi Phlean Seldon agus faoin bhFondúireacht i gcló an chéad uair sna 1940idí ar an iris Astounding Science Fiction, agus foilsíodh faoi chlúdach leabhair iad sna 1950idí. Fuair a lán scríbhneoirí ficsin eolaíochta inspioráid ó na scéalta seo ó shin i leith, agus is cuid de dhúshraith an tseánra iad inniu. Mar sin tá sé thar am iad a chur ar fáil as Gaeilge.Scríbhneoir Gaeilge agus aistritheoir gairmiúil ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund a chaith na blianta fada ag déanamh dianstaidéir ar scríbhinní Gaeilge na Gaeltachta idir litríocht agus bhéaloideas. Bhain sé amach céim sa léann Ghearmánach, Pholannach agus Rúiseach ó Åbo Akademi (Ollscoil Sualainnise na Fionlainne), agus chuir sé Fionlainnis ar cheithre leabhar Íoslainnise nuair a bhí sé óg. Tá sé meáite ar lón léitheoireachta a sholáthar do lucht na Gaeilge a shásós na héilimh is airde amuigh. Tháinig ceithre leabhar próis i gcló uaidh cheana féin, mar atá, Sciorrfhocail (2009 - úrscéilín agus scéalta), An Leabhar Nimhe (2012 - gearrscéalta uafáis in aithris ar Howard Phillips Lovecraft), An Leabhar Craicinn (2013 - gearrscéalta earótacha) agus An tSlaivéin (2013 - úrscéal faoi Oirthear na hEorpa).

Artículos relacionados

  • The Last Day of Captain Lincoln
    EXO Books
    Captain Lincoln’s last day is the hardest day of his life. An old, onetime Captain of the interstellar spaceship USNAS Hope Eternal, Lincoln always knew that this day would come. For just as birthdays are carefully planned, so are deaths. And although he must reckon with his fate, this is not a somber story. It is a tale of love and sacrifice, told in the context of the most ad...
    Disponible

    25,83 €

  • Evolution's Child - Shadow War
    Charles Lee Lesher
    In the year 2092, the Lunarians think they are secure on their airless world. They’re wrong.Senior Analyst Lazarus Sheffield defects and flees Earth to warn them of the danger. Every step of the way, he is haunted by the words he found in a cryptic transmission; Allah's cleansing fire.Captain Lindsey Marquest senses something amiss with the man sitting next to her on the ou...
  • Kingmaker
    Jaren Riley / Jed Quinn / Michael Koogler
    The first seal has been broken…   …and the last days of this world have begun. As the righteous look to the fulfillment of holy scripture and good finally triumphing over evil, others have emerged hoping for a much different end. A sinister plot, hatched thousands of years before the birth of Christ, has been waiting in secret for just this very moment. The plan? Hijack the ap...
    Disponible

    13,21 €

  • Thyme Travelers
    Thomas Neale King
    A surprise inheritance. A derelict mansion. His own time portal. Then, poof—All gone.In 1985, Jack Thyme is a young teacher at an exclusive prep school in Portland, Oregon. When his aunt dies suddenly, the terms of his grandfather’s trust kick in. In less than 48 hours he is in a small Virginia town he didn’t know existed, meeting with a bunch of lawyers about an inheritance fr...
    Disponible

    11,88 €

  • Heart’s Quest
    Blythe Ayne
    Suspense and panic mount when the Purists kidnap the entire population of children and keepers from The Darling Undesirables Facility at The Gulf. This dire news comes on the heels of equally terrible news that Father Inventor’s clone made clones—and these clones have been reproducing.With a report of over one-thousand programmed-for-evil clones of the brilliant and kind Father...
    Disponible

    20,10 €

  • Atlantos
    Robin Maxwell
    Inspired by the writings of Plato 12,000 years in the past... On two primeval sister-planets two magnificent civilizations hurtle towards their cataclysmic destinies. Poseidon and Athens Ra are the two rival brothers who govern them. They possess advanced technos and all-too-human passions. ...
    Disponible

    14,72 €